{"id":4875,"date":"2023-03-31T06:19:11","date_gmt":"2023-03-31T11:19:11","guid":{"rendered":"https:\/\/gaelquest.com\/?post_type=explore&#038;p=4875"},"modified":"2024-05-31T22:22:48","modified_gmt":"2024-06-01T03:22:48","slug":"bunu-chuige-chuan-trua","status":"publish","type":"explore","link":"https:\/\/gaelquest.com\/ga\/taisceal\/bunu-chuige-chuan-trua\/","title":{"rendered":"Bun\u00fa Ch\u00faige Chuan Trua"},"content":{"rendered":"<p class=\"cx-subtitle-ital wp-block-paragraph\">Seansc&#xE9;al Chair&#xED;ona agus an tSeanbhean Bhocht<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">De r&#xE9;ir an tseanchais bh&#xED; an ch&#xE9;ad chasadh le ch&#xE9;ile idir na Breannaigh agus na Tuanaigh patuar ach m&#xFA;inte go leor. D&#x2019;athraigh s&#xE9; sin ar iomp&#xFA; boise nuair a d&#x2019;iarr teachta r&#xED;oga Chaiseal Bhreannais teacht ar leabharlann mh&#xF3;r Thor Thuain. Lean bagairt&#xED; ar an di&#xFA;lt&#xFA; agus n&#xED;orbh fhada ina dhiaidh sin gur &#xE9;il&#xED;odh ar Shabhd&#xE1;in Mhionn Mara mionn nua a thabhairt ar an Lia F&#xE1;il, seaniarsma ar mha&#xED;odh r&#xED;the na mBreanna&#xED;och deon&#xFA; na nd&#xE9;ithe air go deo deo. D&#x2019;&#xE9;irigh an t-easaontas go sciobtha ina chros&#xE1;id fhada fhuilteach chun na flaithis a aont&#xFA;. Bh&#xED; an l&#xE1;mh in uachtar ag &#xF3;glaigh U&#xED; Bhreannasa, a bh&#xED; i bhfad n&#xED;os l&#xED;onmhaire n&#xE1; f&#xF3;rsa&#xED; na dTuanach. Ar an o&#xED;che roimh chath m&#xF3;r, bh&#xED; an d&#xE1; arm &#xE1; fh&#xE9;achaint le ch&#xE9;ile ar bhruacha na B&#xE9;ibhinne.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Deir na seanchaithe gur tharla scata scabhta&#xED; Breanna&#xED;ocha ar sheanbhean bhocht agus &#xED; ag n&#xED; &#xE9;ada&#xED; san abhainn le clapsholas an lae. Bh&#xED; banlaoch darb ainm Cair&#xED;ona i gceannas orthu. Chuala na saighdi&#xFA;ir&#xED; an tseanbhean ag caoineadh i dteanga aisteach aduain. Ag smaoineamh gurb &#xF3;inseach thuaithe &#xED;, thosaigh na fir &#xF3;ga d&#xE1; magadh, ach chuir an banlaoch smacht orthu. Bh&#xED; trua ag Cair&#xED;ona don tseanbhean agus chabhraigh s&#xED; l&#xE9;i na cise&#xE1;in &#xE9;adaigh a iomp&#xFA; an&#xED;os don bh&#xF3;thar. Thug an bhean nite bu&#xED;ochas leis an mbanlaoch sular imigh s&#xED;.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">An o&#xED;che ch&#xE9;anna sin, go d&#xED;reach agus l&#xE9;igi&#xFA;in na mBreanna&#xED;och ag baili&#xFA; ina gcampa, thosaigh s&#xE9; ag cur sneachta. Mheas na Tuanaigh gur droch-chomhartha &#xED; aimsir aisteach an luathfh&#xF3;mhair, agus tharraing siad siar faoi chl&#xFA;dach na ho&#xED;che. Faoi bhreacadh an lae, chuaigh an aimsir in olcas go raibh s&#xED;obtha seaca ann. Thuargain an stoirm na saighdi&#xFA;ir&#xED; ar fad, a reoigh a l&#xE1;n d&#xED;obh ina gcodladh. Chuaigh cuid eile ar strae faoi thais&#xE9;adach b&#xE1;n b&#xE1;smhar, gan tuairisc gan tiont&#xFA; d&#xF3;ibh feasta. <\/p>\n\n\n<div class=\"wp-block-image\">\n<figure class=\" tb-image tb-image-dynamic tb-image-frame-none alignright\" data-toolset-blocks-image=\"dcf40ea129225c158dc24a16d9785c55\"><a href=\"https:\/\/gaelquest.com\/wp-content\/uploads\/2023\/03\/Crann-na-hEasraise.png\"><img decoding=\"async\" width=\"585\" height=\"432\" loading=\"lazy\" src=\"https:\/\/gaelquest.com\/wp-content\/uploads\/2023\/03\/Crann-na-hEasraise.png\" alt=\"The Tree of St. Esras\" class=\"wp-image-4837\" srcset=\"https:\/\/gaelquest.com\/wp-content\/uploads\/2023\/03\/Crann-na-hEasraise.png 585w, https:\/\/gaelquest.com\/wp-content\/uploads\/2023\/03\/Crann-na-hEasraise-300x222.png 300w\" sizes=\"auto, (max-width: 585px) 100vw, 585px\"\/><\/a><figcaption><div class=\"tb-image-caption\">Dair Naomh Easrais<br>&#xA9; Sean Michael Hurley<\/div><\/figcaption><\/figure>\n<\/div>\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Chaillf&#xED; Cair&#xED;ona agus a comp&#xE1;naigh freisin, ach i l&#xE1;r an anfa, chonaic s&#xED; tine rabhaidh ag soilsi&#xFA; sa dorchadas. Dhreap na laochra gur shroich siad barr creige mar a raibh dair mh&#xF3;r dhaingean ann agus &#xED; ar lasadh. Bh&#xED; iontas na n-iontas ar an mbanlaoch agus a cairde mar go raibh an crann ina bhladhmann &#xE9;achtach ach n&#xED; raibh s&#xE9; ag d&#xF3;. D&#x2019;fhan na laochra faoi fhothain na darach deirge go maidin agus d&#xFA;irt siad paidir bu&#xED;ochas do na naoimh a thug siad amach sl&#xE1;n s&#xE1;bh&#xE1;ilte.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Agus sc&#xE9;al Chair&#xED;ona &#xE1; scaipeadh ar fud na t&#xED;re, dh&#xFA;isigh d&#xED;ocas m&#xF3;r paiseanta i measc na cosmhuintire agus chruinnigh na daoine isteach ina leith. Chuir siad f&#xFA;thu agus, de r&#xE9;ir a ch&#xE9;ile, t&#xF3;gadh cathair mh&#xF3;r faoi sc&#xE1;il an chrainn naofa. Lena linn sin, chuala na tiarna&#xED; i gCaiseal Bhreannais, Mionn na Mara, agus Cruach Ghoill nuacht faoin gcathairst&#xE1;t nuabhunaithe. Seoladh teachta&#xED; &#xF3; chian agus &#xF3; ch&#xF3;ngar, tri&#xFA;r aisteach acu &#xF3; shl&#xE9;ibhte an iarthair agus na t&#xED;ortha anaithnide taobh thall de chr&#xED;ocha na P&#xE1;ile.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">I measc an tri&#xFA;ir sin, bh&#xED; Beada&#xED; Beag ann, fear beag ramhar nach raibh pioc n&#xED;os m&#xF3; n&#xE1; tr&#xED; troithe in airde. Chuir s&#xE9; &#xE9; f&#xE9;in chun tosaigh mar Mh&#xE9;ara Meas&#xFA;il Ghleann G&#xE1;ireach. Ansin, bh&#xED; Cn&#xFA; Cogaidh ann. Ceann fine cr&#xF3;ga cantalach Ghleann na bhFiallach ab ea &#xE9;. Fear beag &#xE9; freisin ach teann t&#xE9;agartha agus f&#xE9;as&#xF3;g rua fhada s&#xED;os go b&#xE1;sta air. Faoi dheireadh, bh&#xED; an bhean s&#xED; r&#xF3;-&#xE1;lainn ann, L&#xED; B&#xE1;n, Banr&#xED;on Mh&#xE1; Meall.  Bh&#xED; a cuid s&#xFA;ile chomh gl&#xE9;igeal le diamaint agus bh&#xED; loinnir gach dath faoin sp&#xE9;ir ina cuid craicinn. <\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Bh&#xED; na daoine faoi gheasa ag an tri&#xFA;r iontach seo agus iad ag si&#xFA;l go maorga go dt&#xED; an halla m&#xF3;r. Tar &#xE9;is na gc&#xE9;adta ci&#xFA;nais r&#xFA;ndachta, bh&#xED; na Daoine Maithe ar ais! Ach, c&#xE9;n f&#xE1;th? Cad &#xE9; ar theastaigh uathu? I seomra an tsu&#xED;och&#xE1;in r&#xED;oga, chuir siad iad f&#xE9;in in aithne do Chair&#xED;ona.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&#x201C;Beatha agus sl&#xE1;inte,&#x201D; arsa L&#xED; Ban. &#x201C;Mo bheannacht ort ar&#xED;s eile, a in&#xED;on &#xF3;!&#x201D; Agus L&#xED; Ban ag labhairt, d&#x2019;aithin Cair&#xED;ona ar an bpointe guth na seanmhn&#xE1; boichte ar chas s&#xED; l&#xE9;i cois abhann. Ach anois bh&#xED; s&#xED; &#xF3;g sp&#xE9;iri&#xFA;il. Os comhair na dteachta&#xED; Chaiseal Bhreannais, Mhionn na Mara, agus Chruach Ghoill, d&#x2019;fh&#xF3;gair L&#xED; Ban:<\/p>\n\n\n<style>.wp-block-kadence-advancedheading.kt-adv-heading4875_bba62b-6f, .wp-block-kadence-advancedheading.kt-adv-heading4875_bba62b-6f[data-kb-block=\"kb-adv-heading4875_bba62b-6f\"]{margin-left:25px;font-style:normal;}.wp-block-kadence-advancedheading.kt-adv-heading4875_bba62b-6f mark.kt-highlight, .wp-block-kadence-advancedheading.kt-adv-heading4875_bba62b-6f[data-kb-block=\"kb-adv-heading4875_bba62b-6f\"] mark.kt-highlight{font-style:normal;color:#f76a0c;-webkit-box-decoration-break:clone;box-decoration-break:clone;padding-top:0px;padding-right:0px;padding-bottom:0px;padding-left:0px;}.wp-block-kadence-advancedheading.kt-adv-heading4875_bba62b-6f img.kb-inline-image, .wp-block-kadence-advancedheading.kt-adv-heading4875_bba62b-6f[data-kb-block=\"kb-adv-heading4875_bba62b-6f\"] img.kb-inline-image{width:150px;vertical-align:baseline;}<\/style>\n<p class=\"kt-adv-heading4875_bba62b-6f wp-block-kadence-advancedheading\" data-kb-block=\"kb-adv-heading4875_bba62b-6f\"><em>Mise L&#xED; Ban, Banr&#xED;on Mh&#xE1; Meall.<br>Is sine m&#xE9; n&#xE1; Sinsir na nGall.<br>Molaim go sp&#xE9;ir &#xED; Cair&#xED;ona l&#xE1;n trua.<br>Scoth eala go l&#xE9;ir &#xED;, sciath an tslua<\/em>.<\/p>\n\n\n<div class=\"wp-block-image\">\n<figure class=\" tb-image tb-image-dynamic tb-image-frame-none alignright\" data-toolset-blocks-image=\"39c9dd7dcd9152736ea50470f3921a99\"><a href=\"https:\/\/gaelquest.com\/wp-content\/uploads\/2023\/03\/Truehaven.png\"><img decoding=\"async\" loading=\"lazy\" src=\"https:\/\/gaelquest.com\/wp-content\/uploads\/2023\/03\/Truehaven-0x0.png\" alt=\"The City of Truehaven\" class=\"wp-image-4846\"\/><\/a><figcaption><div class=\"tb-image-caption\">Cathair Chuan Trua<br>&#xA9; Sean Michael Hurley<\/div><\/figcaption><\/figure>\n<\/div>\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Ansin, rinne L&#xED; Ban &#xE9;ileamh ar an gcathair agus na fearainn m&#xE1;guaird in &#xE9;iric saortha mhuintir an ghleanna. Mhol s&#xED; cothrom an bhanlaoich agus bhaist s&#xED; &#x201C;Cara na R&#xED;ona&#x201D; uirthi, An Ch&#xE9;ad Tiarna Ch&#xFA;ige Chuan Trua. I nd&#xED;ol umhla&#xED;ochta agus mionn a ghlacadh, mhairfeadh na daoine faoi chosaint Mh&#xE1; Meall. D&#x2019;umhlaigh an Tiarna Cair&#xED;ona.&#xA0;<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Agus an tri&#xFA;r ag imeacht, chuir L&#xED; Ban Cara na R&#xED;ona agus a cuid g&#xE9;illsineach faoi thr&#xED; gheis: a hAon, gan a oiread agus aon duilleog amh&#xE1;in a ghabh&#xE1;il &#xF3; Choill na gCailleach; a D&#xF3;, gan a oiread agus aon chloch amh&#xE1;in a chur ar chr&#xE9; Inis Fraoigh; agus a Tr&#xED;, gan seolt&#xF3;ireacht Mh&#xE1; Dh&#xE1; Cheo a dh&#xE9;anamh riamh n&#xF3; amach leo chuig halla&#xED; dorcha Theach Duinn go deireadh an tsaoil. <\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Is amhlaidh a bhunaigh C&#xFA;ige Chuan Trua agus &#x201C;D&#xE9;is&#xED; na Darach.&#x201D; I ndiaidh na gc&#xE9;adta, t&#xE1; balla&#xED; na pr&#xED;omhchathrach tar &#xE9;is &#xE9;ir&#xED; tiubh cl&#xFA;daithe le caonach. Seasann a chuid geata&#xED; is t&#xFA;r faire go daingean. T&#xE1; a chuid bratach ar foluain os cionn an phoirt, na dathanna is acu deartha ar sciatha is ar chlogaid, i v&#xE9;arsa&#xED; na bhfil&#xED;, agus i mbail&#xE9;id na mbard.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Ach is luaineach iad an aimsir agus na daoine. B&#xED;onn n&#xFA;&#xED;osaigh ann i gc&#xF3;na&#xED; is iad sa t&#xF3;ir ar chl&#xFA;, ar chon&#xE1;ch, is ar eachtra&#xED;.  I halla&#xED; dorcha agus i ngarr&#xE1;in r&#xFA;nda i bhfad i gc&#xE9;in, b&#xED;onn seanfhalta ar shuanbhruith. B&#xED;onn siad ag fanacht leis an deis a nochtfar sc&#xE9;imeanna at&#xE1; d&#xE9;anta le fada an l&#xE1;.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Seansc&#xE9;al Chair&#xED;ona agus an tSeanbhean Bhocht<\/p>\n","protected":false},"featured_media":4846,"parent":0,"menu_order":220,"template":"","meta":{"nf_dc_page":"","_kad_post_transparent":"","_kad_post_title":"","_kad_post_layout":"","_kad_post_sidebar_id":"","_kad_post_content_style":"","_kad_post_vertical_padding":"","_kad_post_feature":"","_kad_post_feature_position":"","_kad_post_header":false,"_kad_post_footer":false,"_kad_post_classname":""},"tags":[],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/gaelquest.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/explore\/4875","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/gaelquest.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/explore"}],"about":[{"href":"https:\/\/gaelquest.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/explore"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/gaelquest.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/4846"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/gaelquest.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=4875"}],"wp:term":[{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/gaelquest.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=4875"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}