Ainm agus Bunadh Carachtair

Cuir do laoch in aithne

Bíonn tús ag gach scéal. Chomh luath agus a bhíonn an radharc suite, bíonn sé in am do gach imreoir páirt a carachtar féin a chumadh. B’fhéidir go dtabharfadh an Seanchaí treoir sa bhreis chun plota an scéil a thacú — mar shampla, an áit ina mbuaileann na laochra le chéile den chéad uair, cara nó namhaid comhchoiteann, nó taithí choiteann eile a tharraingíonn na carachtair le chéile. Fágtar cinntí eile do gach imreoir.

Ainm

“Is fearr clú ná conách.”

Cad é a thugtar ort? An úsáideann tú d’ainm agus do shloinne nó leasainm? Cuir i gcuimhne, seans go mbeidh amhráin agus scéalaíocht ar do chuid eachtraí! Má tá liosta ainmneacha uait, féach Irish Names and Surnames (1923) le Rev. Patrick Woulfe nó Ainmneacha Gaelacha le Séamus Ó Brógáin.

Tír Dhúchais

“Is treise dúchas ná oiliúint.”

Cé as thú? Lean na naisc seo thíos nó taiscéal léarscáil na Páile chun níos mó a fhoghlaim faoi na flaithis éagsúla.

  • Ríocht Uí Bhreannasa: Maíonn ríthe na mBreannaíoch ardcheannas ar an Pháil go léir. Tá clú agus cáil orthu mar gheall ar a gcuid bróid, glicis, is saibhris. Tá sé ráite go bhfuil uaisle na tíre faoi drochthionchar Theach Duinn.
  • Conradh Loch Anann: Tá na hardchríocha thuaidh ina dtír dhúchais do na Bealannaigh, cónaidhm tuath chogúil a mhaíonn ginealas ar an spéirfhlaith finscéalach Beal na Súile Buí.
  • Ríocht Mhionn na Mara: Suite in oirdheisceart Fhásach na bhFáithe, is príomhchathair na dTuanach í Mionn na Mara. Tá an port cois farraige iomráiteach mar gheall ar a cuid dánta is áilleachta.
  • Cúige Chuan Trua: Tugtar Clár Chairíona ar an dúiche seo. Mar choimirce de chuid Má Meall, fáiltíonn “Déisí na Darach” roimh chách a chloíonn le mionnaí naofa Chara na Ríona.
  • Insí Ríon na Mara: Is cuan do phíoráidí an t-oileánrach seo a dtugtar “Crú na gCat” air.