Glac páirt sa scéal

Rialacha an Chluiche

Cad is ainm duit? Cé as thú? Tá Flaithis na Páile plódaithe le naoimh agus scoláirí, fianna, filí, agus fathaigh, gan trácht ar an mbean sí, fear dearg, nó leipreachán corr. Bíodh tú i d'óglach glas nó i do dhraoi críonna, is bealach spraíúil é gaelQuest an chéad chéim eile a bhaint amach i gcaint na ndaoine maithe!

Tá na cluichí rólimeartha fantaisíochta bunaithe go smior i mbéaloideas na síogaí. Léigh faoi fhís an táirge atá taobh thiar de ghaelQuest.
Cuir do laoch in aithne.
Cuireann sé bhuntréith síos ar do charachtar: Neart, Lúth, Sláinte, Léann, Gaois, agus Mealltacht.