Tigh an Gheabadáin

Fóram Comhphobail agus Eile

Tá Tigh an Gheabadáin ar cheann de na háiteanna is mó tóir air ar fud Flaithis na Páile. Is sórt crosbhealaigh dhraíochtaigh é. Tá slite isteach suite i lár na gceithre phríomhchathair — Caiseal Bhreannais, Cruach Ghoill, Mionn na Mara, agus Cathair Chuan Trua — ach is teach tionóil amháin dá chuid féin é. Is draoi féincheaptha mistéireach é fear a’ tí a dtugtar an Geabadán Mór air.

Is iomaí seomra agus pasáiste atá ann. Tá cuid acu ar oscailt agus cuid eile faoi ghlas. Tá roinnt bealaí ann a théann go dtí domhain thar an Pháil fiú. Tá eochracha do na doirse seo ag treoraithe cumhachtacha a chuireann ar a gcumas taisteal go héasca, nó fios an bhealaigh a thabhairt do dhaoine eile.

drinkers

Foinse an íomhá: Wikimedia Commons

Sa domhan seo (.i. ar an suíomh seo), is fóram comhphobail é Tigh an Gheabadáin.

Tá trí phríomhlimistéar ann taobh istigh an “tábhairne” seo:

  • Is féidir an fóram a chuardach agus a scagadh de réir ball, cairde, grúpaí, agus cineál scéala.
  • Bíonn naisc do phróifílí ball agus do phróifílí grúpaí ann i míreanna scéala.
  • Faigheann gach aon úsáideoir cláraithe próifíl saor in aisce.
  • Is féidir an halla a thaiscéaladh chun bualadh le baill eile, cairdeas a dhéanamh, nó teachtaireachtaí poiblí agus príobháideacha a sheoladh.
  • Bíonn grúpaí poiblí ar oscailt do gach aon bhall. Bíonn siad liostáilte in eolaire na ngrúpaí. Bíonn ábhar na ngrúpaí le feiceáil do chách.
  • Bíonn grúpaí príobháideacha srianta. Is gá iarratas ballraíochta a chur agus go nglactar é chun bheith páirteach sa ngrúpa. Bíonn siad liostáilte in eolaire na ngrúpaí, ach ní bhíonn ábhar na ngrúpaí le feiceáil ach do bhaill an ghrúpa.
  • Bíonn grúpaí faoi cheilt srianta. Is gá cuireadh ballraíochta a fháil agus a ghlacadh chun bheith páirteach sa ngrúpa. Ní bhíonn siad liostáilte in eolaire na ngrúpaí agus ní bhíonn ábhar na ngrúpaí le feiceáil ach do bhaill an ghrúpa.

Láimhseáiltear a lán socruithe úsáideora ar scáileán do phróifíl “tábhairne,” na cinn seo leanas san áireamh:

  • Faisnéis Próifíle: Ainm taispeána, Maidir liomsa, Abhatár (grianghraf), Íomhá chlúdaigh, srl
  • Socruithe úsáideora: Ríomhphost agus pasfhocal (faoi “Ginearálta”), socruithe fógraí (faoi “Ríomhphost“), agus mar sin de.

Téarmaí rannpháirtíochta: Tá bród ag óstaigh Tigh an Gheabadáin as clú agus cáil na háite ó thaobh meallta agus féile de. Bíonn fáilte roimh chách. Tá cearta tuairime ag daoine agus táthar ag dréim le go mbeidh meas agaibh ar a chéile. Dóibh siúd a théann i mbun “cogaidh dheirg” (ionsaithe pearsanta, caint fuatha), “bolscaireachta” (spamáil), agus iompair bhithiúnta (stuif mídhleathach), tiontóidh siad ina bhfroganna agus díbreofar go Teach Duinn iad.