Ceadúnas Cruthaitheach do Chluichí Rólimeartha Oscailte (ORC)

Tugadh suas chun dáta ar an 31 Márta 2024

FÓGRA ORC

Tá ábhar “Play” agus “Glac Páirt” de chuid gaelQuest ceadúnaithe faoin gCeadúnas ORC atá cláraithe le Leabharlann Chomhdháil na Stát Aontaithe ag TX 9-307-067 agus atá le fáil in áiteanna éagsúla, suímh gréasáin Black Flag Roleplaying, ORC License – Azora Law, agus eile ina measc. Tá gach aon bharánta séanta mar atá sainmhínithe sa cheadúnas sin.

ADMHÁIL

Tá ábhar “Play” agus “Glac Páirt” de chuid gaelQuest bunaithe ar an Ábhar Ceadúnaithe seo a leanas:

Má fhoilsíonn tú Ábhar Ceadúnaithe athchóirithe de chuid gaelQuest i do chuid saothar féin, déan cur síos dúinn mar seo a leanas:

gaelQuest: Eachtraí Rólimeartha as Gaeilge, © Brian Ó Dubhghaill d/b/a gaelQuest, atá le fáil ag: gaelquest.com/ga/glac-pairt/

ÁBHAR FAOI CHOSAINT

Tá na codanna seo a leanas, agus seans codanna eile nach iad, curtha in áireamh Ábhar faoi Chosaint an tsaothair seo:

  • Flaithis na Páile agus seanchas ficseanúil, suímh, áiteanna, carachtair shainiúla, agus snáitheanna scéalta atá bainteach leo, aistriúcháin Béarla agus Gaeilge ina measc;
  • ceachtanna Gaeilge, acmhainní teagaisc, agus treoirlínte rólimeartha atá cruthaithe ag an gCeadúnóir, mar atá le fáil laistigh de rannóga “Learn” agus “Teagasc” an tsuímh gréasáin seo;
  • ábhar agus cleachtaí idirghníomhach leis an gCeadúnóir, mar atá le fáil laistigh de rannóga “Quest” agus “Téigh sa Tóir” an tsuímh gréasáin seo;
  • léaráidí agus saothair ealaíne atá cruthaithe le Sean Michael Hurley;
  • an lógó de chuid gaelQuest agus trádmharcanna nó cóiriú trádála atá bainteach leis; agus
  • gach aon chuid atá sainainmhithe mar “Reserved Material” faoin gCeadúnas ORC.

ÁBHAR CEADÚNAITHE SAINAINMNITHE

Is leis an gCeadúnóir iad na codanna seo a leanas. Bheadh siad i measc an Ábhair faoi Chosaint seachas an ráiteas seo a ainmníonn mar Ábhar Ceadúnaithe iad de réir an Creative Commons Attribution-NonCommercial-NoDerivs 4.0 International License.