Athchóiriú Tigh an Gheabadáin

Agus muidne ag cur le chéile míreanna éagsúla de chuid gaelQuest, bíonn giota maith triail is atriail ann. Don chluichire is don fhoghlaimeoir araon, bíonn an-tábhacht ag baint leis an deis bheith páirteach i gcomhphobal idirghníomhach. Dá bhrí sin, ar feadh an dá sheachtain seo caite, táim ag caitheamh fhormhór mo chuid ama ag athchóiriú agus ag cur feabhais ar fheidhmiú na bhfóram. Roghnaigh mé BuddyPress chun an cuspóir sin a bhaint amach.

Tacaíonn an breiseán móréilimh WordPress seo le fothaí gníomhaíochta, próifílí pearsanta, ceangail chairdis, agus grúpaí. Tacaíonn sé le hilteangachas. Agus tá sé comhoiriúnach le GamiPress, réiteach “cluichiúcháin” atáimid ag cur le gaelQuest chun treorú agus spreagadh a thabhairt d’úsáideoirí agus iad ag gabháil na gcéimeanna an cluiche seo a thaiscéaladh, a fhoghlaim, agus a imirt.

Súil againn go mbaine tú taitneamh as na gnéithe nua!

Tabhair freagra