Tá gaelQuest beo!

Tá Seán agus mise ag smaoineamh ar an gcoincheap atá taobh thiar de ghaelQuest le fada. Le linn na paindéime, cuireadh isteach ar ghnáthchúrsaí laethúla an tsaoil agus cruthaíodh bearna mhór inár saolta féin gur theastaigh uainn a líonadh. Maidir liomsa, thosaigh mé ag rólimirt arís. D’athaimsigh mé mo chuid díograise don Ghaeilge. Agus an rud is tábhachtaí, ghlac mé chugam féin aisling a bhí curtha ar athlá ar feadh i bhfad agus thug mé i ndáiríre faoin gcluiche seo a chruthú.

I Mí Aibreáin 2023 agus mé ag freastal ar deireadh seachtaine bliantúil na Gaeilge a bhíonn arna chur in eagar ag Comhphobal Ceilteach Indiana, thug mé cur i láthair faoi “Fhoghlaim Teangacha le Cuidiú na Fantaisíochta,” ócáid a sheol an suíomh gréasáin seo go héifeachtach. Mar sin féin, ní raibh an fhoirm chláraithe ag obair i gceart fós. An tseachtain seo caite, réitigh mé roinnt fadhbanna teicniúla agus voilà — cúpla lá ina dhiaidh sin, fuair muid an chéad chlárú úsáideora is againne!

Mar sin de, is féidir liom a rá faoi dheireadh, “táimid beo!”

Dar ndóigh, tá a lán oibre le déanamh fós. Is dúshlán iontach nach beag é cluiche rólimeartha dátheangach atá dírithe ar an siamsa agus ar an bhfoghlaim araon a chruthú. Sin ráite, tá dúshraith theicniúil an tsuímh beagnach déanta. Is comhéadan an chláir cinn an píosa mór is deireanaí le bheith curtha. Idir an dá linn, táimid ag iarraidh aird a thabhairt ar ábhar an tsuímh a fhorbairt. Seo thíos na rudaí atá beartaithe againn le haghaidh na míonna seo chugainn:

  • Taiscéal: Ríocht Uí Bhreannasa
  • Taiscéal: Léarscáil Fhlaithis na Páile
  • Glac Páirt: Aistriúchán Gaeilge do Character Creation: Name and Base Traits
  • Glac Páirt: Cúlraí carachtar agus an dúchas
  • Teagasc: Cur chuige foghlamtha
  • Blag: “Fhoghlaim Teangacha le Cuidiú na Fantaisíochta”

Coinnigh súil amach lena thuilleadh!

Tabhair freagra