Fadó, fadó…

Iomramh Bhreannais, Gabháil na Páile, agus Teitheadh na nDaoine Maithe

Tráth dá raibh, bhí an rí mór ann. Breannas ab ainm dó. Deir na seanchaithe gur lean sé réalta eolais thar Bhealach na Bó Finne gur shroich sé Tír na nÓg. Níorbh iad Rí Breannas agus a lucht leanúna an chéad dream a tháinig do na tíortha tairngire seo. Leis na cianta, bhíodh na Daoine Maithe anseo leo féin. Bhí siad ruaigthe i bhfolach ag an saol daonna in anallód — agus bhí siad buanchuimhneach. Bíodh a fhios agat nár chuir siad fáilte dá laghad roimh a seannaimhde! 

Illustration of the Voyage of Breannas
© Sean Michael Hurley

Bhris amach cogadh ollmhór. Ag tarraingt ar dhraíocht ársa, d’fhógairt na Tuatha Dé Danann stoirm uafásach neamhshaolta ar Rí Breannas agus a airm. D’éirigh tonn treathain agus leagadh na sléibhte gur scoilt an talamh ina dhá chuid. Mar sin, tháinig deireadh le Tír na nÓg agus d’éirigh na críocha a dtugtar “An Pháil” orthu sa lá atá inniu ann. Ina dhiaidh sin, d’imigh na Daoine Maithe as. Deirtear go ndeachaigh cuid acu i bhfolach faoi bhrat an chlapsholais. Lean cuid eile cúrsa na gréine go Tír na mBeo. Thug siad leo iarsmaí iontacha agus rúndiamhra atá santaithe ag tuatha na Páile le fada an lá.

Le teitheadh na nDaoine Maithe, d’fhill cumhacht níos sine agus níos rúnda fós go dtí an tír — sé sin, an Aimsir. Ag scéiméireacht ina thúr do Rí Breannas, d’fhás eagla na heagla ann nuair a bhreathnaigh sé ar mhalaí séimhe agus coillte glasa a reachta agus iad ag feo roimh a shúile. I rith na mblianta, chríon an rí féin gur bhuail an Clog Dubh dó faoi dheireadh. Agus é amuigh ag seilg lá amháin, láithrigh An Fear Dorcha roimhe, agus sméid sé anonn go Teach Duinn leis. Sa bhealach céanna a chuaigh clann na Páile go léir, anuas ó ghlúin go glúin. Deirtear go ngnáthaíonn anam Bhreannais an Cosán Uaigneach fós, agus go seolann sé féin a shliocht go Brú na Marbh.

Ar feadh na gcéadta, bíonn saoithe agus scoláirí sa tóir ar rúin caillte na nDaoine Maithe. Seoladh loingis agus carbháin mhóra go cinn na tíre, ag iarraidh eolais dá laghad a aimsiú cá bhfuil Tír na mBeo. Le linn na dturas sin go léir, fuair siad amach nach rabhadar ina n-aonar….