Intreoir do ghaelQuest

Fís an Táirge

Tá na cluichí rólimeartha fantaisíochta bunaithe go smior i mbéaloideas na síogaithe. Ridirí, dragain, fathaigh, cailleacha — spreagann siad samhlaíocht daoine idir óg is fásta. Ó thaobh na bhfoinsí de, tá clú agus cáil ar mhiotaseolaíocht na gCeilteach. Is féidir móitífeanna coitianta i seánra na fantaisíochta a rianú d’fhabhalscéalta na nGael gan stró.

© Sean Michael Hurley

Níl eiseamláir níos fearr le fáil ná scéalta iomraimh faoi pharthas talmhaí san Iarthar. Tugtar a lán ainmneacha ar an Saol Eile. Sna finscéalta Artúracha, tá Eamhain Abhlach uirthi. De réir Tolkien, is Valinor í. Sa Ghaeilge, is Tír na nÓg an t-ainm is iomráití, ach tá cinn eile ann freisin: Má Meall, Má Dhá Cheo, agus Tír na mBeo, mar shampla. Is féidir an mhóitíf chéanna a fheiceáil níos leithne i scéalta eile faoi El Dorado, Shangri-La, nó Themyscira fiú — oileán dúchais an Bhanlaoich Iontaigh ó DC Comics!

Is fine cluichí í gaelQuest atá suite i bhfearann mar seo. Mar aon le cluichí rólimeartha agus cluichí cártaí eile, glacann na himreoirí páirteanna eachtránaithe cróga. Trí chomhscéalaíocht, taistealaíonn siad go háiteanna mistéireacha, téann siad i ngleic le harrachtaí uafásacha, agus sa tóir ar ghlóir na fiannaíochta! Sa leagan rólimeartha, glacann imreoir faoi leith páirt “an tSeanchaí.” Cosúil le stiúrthóir dráma, déanann an Seanchaí cur síos ar an radharc. Glacann sí páirt na gcarachtar tacaíochta, cuireann sí na rialacha i bhfeidhm, agus tugann sí treoir do dhul chun cinn an scéil, rud atá á nochtadh agus á chumadh i gcónaí de réir idirghníomhaíocht na n-imreoirí go léir. 

I gcodarsnacht cluichí rólimeartha eile, tá gaelQuest suntasach mar gheall ar an mbéim atá curtha i dteagasc agus i spraoi na Gaeilge mar thóraíocht ón bhfíorshaol, agus ar an gcluichíocht mar straitéis í a bhaint amach. Tá na cluichí seo deartha do Ghaeilgeoirí, múinteoirí teanga, agus iad ar mhaith leo a gcuid ceana ar son na teanga a roinnt lena gcuid cairde is gaol. Dá aistí “geocaí” é an coincheap seo, tá gnéithe faoi leith ag na cluichí rólimeartha a fheileann go maith le foghlaim teanga.

Ar dtús, bíonn imirt na gcluichí seo comhráiteach go bunúsach. Gan trácht ar na rialacha, urchar na ndíslí, is mar sin de, is trí labhairt a tharlaíonn mórchuid an aicsin. Ar an dara dul síos, tá comhchosúlacht idir nós chruthú na gcarachtar agus topaicí go leor i bhfoghlaim na dteangacha. Mar shampla:

  • Cén t-ainm atá ort?
  • Cad as duit?
  • Cad iad do chuid scileanna, srl.? 

Is féidir ceachtanna foghlama foclóra a dhéanamh as na ceisteanna sin go léir. Agus dár ndóigh, soláthraíonn an cheist is bunúsaí taobh thiar d’imirt na gcluichí rólimeartha (.i., “cad a dhéanann tú?”) deiseanna as cuimse chun abairtí eile a thaiscéaladh. Seo thíos comhrac hipitéiseach:

Seanchaí: “The leipreachán peers from behind the hedge and eyes you. On his head, tá caipín beag gorm air. In his hands, tá leabhar mór dearg aige. Cad a dhéanann tú?”

Imreoir: “Rithim!”

gaelQuest deartha sa chaoi go bhfoghlaimeoidh agus go mbainfidh imreoirí spraoi as an teanga trí na céimeanna laoch a chruthú agus a imirtnó más Seanchaí thú, trí threoir a thabhairt d’imreoirí eile. Tosaíonn rannóg “Taiscéal” an tsuímh seo le míniú an radhairc. Tugann sé cur síos ar na ríochtaí, na tuatha, agus stair an domhain ina n-insítear na scéalta. Soláthraíonn an rannóg “Learn” (sa Bhéarla) ceachtanna comhthreomhara d’fhoghlaimeoirí. Cuireann siad daltaí ar an eolas faoi stór focal agus frásaí atá dírithe ar a riachtanais. Maidir leis an rannóg “Teagasc,” sé an cuspóir ‘s againne acmhainn chomhchruthaitheach a chur ar bun do Sheanchaithe agus do mhúinteoirí. (Más maith leat bheith páirteach sa spraoi, téigh i dteagmháil linn.)

Leagann amach an rannóg “Glac Páirt” rialacha na gcluichí, ag tosú le ceisteanna agus roghanna d’fhorbairt do laoch féin. Faoi dheireadh, tugann le chéile an rannóg “Téigh sa Tóir” a bhfuil luaite roimhe agus treoraíonn sí tríothu thú, ag bronnadh ort clú agus conách ar feadh do bhealach!

Mar sin, fáilte is fiche, a chara! Déan réidh agus go n-éirí an bóthar leat!