Eachtraí Rólimeartha as Gaeilge

Eachtraí Rólimeartha
as Gaeilge

Siamsa na bhFinscéalta
Gaeilgeoireacht i bhFírinne

Fáilte go Flaithis na Páile, tír iontach scéiméireachta agus eachtraíochta!

Fadó fadó, bhí an rí mór ann. Breannas ab ainm dó. Lean sé réalta eolais thar Bhealach na Bó Finne gur shroich sé Tír na nÓg. Anseo sa saol eile, tá an aimsir agus an tír-raon chomh sleamhain le heireaball eascainne. Is iomaí an laoch a chuaigh ar an bhfóidín mearaí agus bhí ar strae leis na cianta. Cad é atá i ndán duitse? Ó aoibhneas Ghleann Gáireach go sceimhleacha Choill na gCailleach, tá seoda agus cora casta an tsaoil romhat!

ar aghaidh

Ceathrar fear dearg dána agus taistealaí ina chodladh | Íomhá fáilte do ghaelQuest | Eachtraí Rólimeartha as Gaeilge
© Sean Michael Hurley

Rólimirt fantaisíochta atá tiomáinte do chultúr na nGael…

Is fine cluichí fantaisíochta gaolmhara í gaelQuest atá á forbairt agus tiomanta d’fhoghlaim agus do spraoi na Gaeilge. Agus na himreoirí ag taiscéaladh ríochtaí na Páile is ag glacadh páirte mar laochra sa scéal, bíonn céimeanna tipiciúla na gcluichí rólimeartha — .i. foghlaim na rialacha, cruthú carachtair, agus siamsa na bhfinscéalta — á gcur i láthair taobh le teagasc na teanga.

ar ais

© Sean Michael Hurley

Tá clú agus cáil i ndán duit!

Cén t-ainm atá ort? Cé tusa agus cé as thú féin? Tá Flaithis na Páile plódaithe le saoithe agus scoláirí, fianna, filí, agus fathaigh, gan trácht ar an bhean sí, fear dearg, nó leipreachán cor. Cá bhfios cé a chasfaidh nó cad iad na contúirtí a thiocfaidh ort!

© Sean Michael Hurley
© 2023 Open Design LLC

Tá ríméad orainn dea-scéal a roinnt go mbeidh tíortha gaelQuest mar chuid d’acmhainn, Guide to the Labyrinth, atá le foilsiú ag Kobold Press i 2024.

léigh a thuilleadh ➝